‘CAITHFIDH MUID UILIG OBAIR AS LÁMH A CHÉILE’ – COISTE BAINISTÍOCHTA IONAD NAOMH PÁDRAIG, DOBHAR

first_imgTá céim dearfach agus fíor thábhachtach eile glactha ag Coiste Bainistíochta Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, ó thaobh forbairt agus caomhnú na Gaeilge de inár bpobal.Bhí atmaisféar breá spreagúil agus fabhrach san Ionad aréir, nuair a chruinnigh suas le scór go leith daoine I gceann a chéile, le tuilleadh eolais a fháil faoi na cainteanna agus na céimeanna atá ar siúl le Cúrsa Gaeilge de chuid Coláiste na bhFiann, a bhunadh inár bpobal an samhradh seo chugainn.I láthair ag an chruinniú bhí, Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD. Léirigh sé ina chuid cainte, an fíor thábhacht a bhaineann le hiarrachtaí ón talamh aníos, ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge I measc an phobail de agus chuige sin, lua sé go bhfuil lúcháir agus gliondar croí air cluinstin fa na socruithe cuí atá a ndéanamh, cúrsa Gaeilge de chuid Coláiste na bhFiann a thabhairt go Dobhar, I nGaeltacht Ghaoth Dobhair. Thagair an tAire Stáit, gur cúis imní do an titim tubaisteach a tháinig ar líon na scoláirí Gaeilge a bhíos ag freastal ar choláistí Gaeilge, i gceann de na Gaeltachtaí is Gaelaí in Éirinn (Gaoth Dobhair), ach go bhfuil sé dóchasach, go mbeidh athrach ag teacht ar seo anois agus ins an am atá amach romhainn.Ag tagairt de na buntáistí dearfacha a bhaineann le cúrsa Gaeilge de chuid Coláiste na bhFiann I gceantar, dúirt an tAire Stáit, go bhfuil Coláiste na bhFiann ar cheann de na Coláistí Gaeilge is éifeachtaí agus is proifisiúnta da bhfuil sa tír agus gur maith an rud é don cheantar, go bhfuil siad ag léiriú suime cúrsa a bhunadh I nGaoth Dobhair.Lena chois sin, mhol an tAire Stáit na hiarrachtaí atá idir lámh ag Coiste Bainistíochta an Ionaid agus chur sé ina luí go láidir ar a raibh I láthair, go bhfuil sé féin agus oifigí a Roinne, (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta), ar fáil agus tiomanta achan tacaíocht, comhairle agus cuidiú gur féidir a thabhairt, a chur ar fáil, lena chinntiú go n-éireoidh go geal le athbhunadh Coláiste Gaeilge I nDobhar, ionnús go mbainfidh lucht foghlamtha na Gaeilge agus an pobal I gcoiteanna, sult agus tairbhe as.I láthair leis an tAire Stáit, bhí príomh oifigeach de chuid na Roinne, Bertie Ó hAinmhire, uasal, agus mhol seisean na hiarrachtaí leanúnacha atá a ndéanamh an Ghaeilge agus suim sa Ghaeilge a chothú. Rinne sé cur síos ar rial na Gaeilge mar aon leis na céimeanna cuí a bhaineann le aitheantas na Roinne a fháil do na mná tí. Labhair Pádraig Mac Aoidh, uasal, a bhfuil cúramaí na gcoláiste Gaeilge air sa Roinn, ar chúrsaí cóiríocht oiriúnach agus na treoirlínte Sábháilteacht Dóiteáin I dtithe.  Is mian le Coiste Bainistíochta Ionad Naomh Pádraig, buíochas a ghabhail leis An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ach go háirithe, leis na mná tí uilig a bhí I láthair ag an chruinniú agus a léirigh suim tabhairt faoi lucht Foghlamtha na Gaeilge a choinneáil ina dtithe. Aithníonn muid, cé go bhfuil próiseas fadálach romhainn lenár bhfís, athbheochan Coláiste Gaeilge I nDobhar a realú, go gcaithfidh muid uilig obair as lámh a chéile agus gníomh fiúntach a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh deá thoradh ar an obair agus go mbeidh Coláiste na bhFiann I gcroílár Ghaoth Dobhair an samhradh seo chugainn agus go fadtréimhseach. Dá réir a chéile a thógtar na caisleáin! ‘CAITHFIDH MUID UILIG OBAIR AS LÁMH A CHÉILE’ – COISTE BAINISTÍOCHTA IONAD NAOMH PÁDRAIG, DOBHAR was last modified: August 10th, 2013 by John2Share this:Click to share on Facebook (Opens in new window)Click to share on Twitter (Opens in new window)Click to share on LinkedIn (Opens in new window)Click to share on Reddit (Opens in new window)Click to share on Pocket (Opens in new window)Click to share on Telegram (Opens in new window)Click to share on WhatsApp (Opens in new window)Click to share on Skype (Opens in new window)Click to print (Opens in new window) Tags:DOBHAR‘CAITHFIDH MUID UILIG OBAIR AS LÁMH A CHÉILE’ – COISTE BAINISTÍOCHTA IONAD NAOMH PÁDRAIGlast_img read more

Read More »